Sign up for our mailing list.

Tháinig Ger ó ICHH (Inner City Helping Homeless) isteach ar cuairt do rang 6 cúpla seachtain ó shin. Labhair sí linn mar gheall ar an ngéarchéim do dhaoine gan dídean. Chuir an méid a bhí le rá ag Ger uafás ar na páistí agus thuig siad an géarghá atá ann le cabhair a thabhairt. Bheartaigh siad ar na boscaí Nollaig a ullmhú ar son ICHH. Míle buíochas dóibh siúd a chuir rudaí isteach chugainn. Líonamar 31 bosca!! le mála nó dhó sa bhreis. Míle buíochas do Múinteoir Doireann a d'fhág na boscaí thíos le Ger agus an foireann um thráthnóna.